SCOIL MOLÓGA


Is scoil lán-ghaeilge í Scoil Mológa a bunaíodh ar an gcéad lá de Mheán Fómhair 1987 faoi rialacha na roinne oideachais agus faoi phátrúnacht Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath. Thosaigh an scoil in ionad pobail Bhaile Pheire. Ní suíomh buan a bhí an sin faraor agus b’éigean don scoil bogadh cúpla uair ina dhiaidh sin go dtí gur lonnaigh sí i mBóthar Thigh Chláir go buan sa bhliain 1992.

Iar-scoil na gcailín de chuid scoil náisiúnta Chrois Araild is ea an foirgneamh. Tógadh an foirgneamh céanna sa bhliain 1937. Is scoil chaitliceach í Scoil Mológa agus ullmhaítear na páistí i gcóir na sacraimintí.

Pobal na Scoile


Tá ocht rang ann faoi láthair. Sraith iomlán ó na naíonáin bheaga go dtí rang 6. Tá 160 teaghlach againn sa scoil agus tá 220 páiste ag freastal uirthi. Tá foireann aon mhúinteoir déag againn, múinteoir tacaíochta foghlama agus múinteoir acmhainne san áireamh.

Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge agus is í an Ghaeilge teanga chaidrimh na scoile, sa rang, sa chlós, ar thurais agus ag cluichí. Bímid ag súil leis go mbeidh Gaeilge líofa ag na páistí ag fágáil na scoile dóibh agus gur féidir leo cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá mana na scoile bunaithe ar an seanfhothrach atá in aice le hionad Thobar an Spa a raibh baint aige le Naomh Mológa.

Éiteas na Scoile


Cuireann an scoil béim ar gach gné den chultúr gaelach mar shampla: an teanga, an ceol, an rince, an drámaíocht agus an spórt. Múintear ceol feadóige do gach páiste ó rang a haon ar aghaidh, múintear rince gaelach do gach rang chomh maith. Glacann an scoil páirt i ‘Coirm’ Ghael Linn gach bliain agus is iomaí gradam atá bainte amach ag na páistí.

Múintear scileanna peile, iománaíochta agus camógaíochta do na páistí. Tagann traenálaithe isteach ó Chumann Lúthchleas Gael Naomh Jude chun cuidiú leis na páistí na scileanna sin a fhoghlaim. Glacann páistí na scoile páirt i gcomórtais Chumann na mBunscol. Bhuaigh an fhoireann iománaíochta craobh Chumann na mBunscol sa bhliain 2002, 2003 agus 2007 agus 2013 i bPáirc an Chrócaigh. Cothaíonn an scoil suim i saol na Gaeilge: Raidió na Gaeltachta, TG4, cláracha Gaeilge agus i leabhair Ghaeilge.